Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Leabhar Na N-Olagón 1:16-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Sin an fáth a mbím ag caoiagus ag sileadh na súl go fuíochÓir, is fada uaim aon sólásaía mhúsclódh mo mheanma arís.Tá mo chlann mhac treascartha tréigthemar is é an namhaid a rug an bua.

17. Leathann Síón a lámha amach;níl sólásaí ar bith aici;thug an Tiarna ordú in aghaidh Iacóiba chomharsana a bheith naimhdeach dó;rud éigin neamhghlan ina meascis ea Iarúsailéim.

18. Is cothrom cóir é an Tiarna;ach bhí mise easumhal dá ordú;éistigí, mar sin, a chiníocha uile,agus breathnaígí ar m'ainnise;tá mo mhaighdeana agus m'ógánaighimithe uaim i mbraighdeanas.

19. Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán;ach chlis siad go léir orm;mo shagairt agus mo sheanóirí uile,díothaíodh iadsan sa chathair,nuair a bhí siad ag cuardach biachun iad féin a neartú arís.

20. Féach, a Thiarna, is mise atá go hainnis;tá a bhfuil istigh ionam corraithe cráite;tá mo chroí á shníomh i m'uchtmar ba mhór ar fad m'easumhlaíocht;tá an claíomh ag dísciú mo chlainne lasmuighagus tá an Bás i réim laistigh.

21. [Éist] le mo chuid osnaíola;níl aon sólásaí ar bith agam;chuir scéala m'anó áthas ar mo naimhde uile;ar ndóigh ba thusa ba bhun leis go léir;luathaigh an lá atá fógartha agat,nuair a bheidh siadsan mar a bhfuilimse anois.

22. An mhailís go léir a rinne siad,go gcuirtear ar do shúile duit í;caith leo mar a chaith tú liomsade dheasca mo chionta uile;óir, is iomaí osna atá á ligean agamagus tá mo chroí go tréithlag fann.”

Léigh chaibidil críochnaithe Leabhar Na N-Olagón 1