Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Leabhar Na N-Olagón 1:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ochón!An chathair a bhíodh plúchta le daoine,maireann sí léi féin ar an uaigneas;is cosúil le baintreach anoisí siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún;banphrionsa i measc na gcúigí ab ea íach is daorstát í faoi láthair.

2. Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche;bíonn a gruanna báite le caisí deor;níl aon sólásaí ar bith aicii measc a cuid leannán;d'fheall a cairde go léir uirthi;is naimhde di iad anois.

3. D'imigh Iúdá léi ar deoraíochtchun angar agus daoirse a sheachaint;cónaíonn sí i measc na náisiúnach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann;óir, tá an tóir tar éis teacht suas léimar a bhfuil sí i gcúngrach mór.

4. Tá bóithre Shíón ag caoimar ní thaithítear a hionad teagmhála;tá a geataí uile bánaitheagus déanann a sagairt osnaíl;bíonn a maighdeana go léir á gcrá.Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!

5. Ag a naimhde atá an ceannas;tá a heascairde uile faoi rath;óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadhde dheasca oll-líon a peacaí;tá a leanaí imithe ina gcimíos comhair a namhad amach.

Léigh chaibidil críochnaithe Leabhar Na N-Olagón 1