Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Laoi Na Laoithe 2:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Lus an chroimchinn beag ar mhá mé,seileastar bocht i ngleann.

2. Seileastar idir driseachamo rúnsa idir mná.

3. Crann úll thar chrainn na coillemo ghrása thar fir.Faoina scáth suím, mar ba mhian liom;milis le mo bhéal a ulla.

4. Thug sé go teach an fhíona mé;grá a mheirge orm.

5. Neartaigí le cácaí rísín mé;Cuirigí brí ionam le húlla,Mar tá galar an ghrá orm.

6. A lámh chlé faoi mo cheann,a lámh dheas tharm anall.

7. Agraím oraibh,a mhná Iarúsailéim,dar fia agus eilití na má,Ná corraigí, ná músclaígí mo rúngo dtograí sí féin.

8. Éist! mo ghrá!Chugainn éthar bharr na gcnocag léim na ngleannta.

9. Cosúil mo ghrá le heilitnó le fia óg ag léim.Sin é lasmuigh anois é,ag féachaint isteach an fhuinneog,Ag faire agus ag glinniúint.

10. Seo é mo ghrá ag labhairt liom:Éirigh chugam, a rún;a ghile, gluais liom.

11. Seo anois tá an geimhreadh thart,tá an bháisteach glanta feasta,

12. tá an tír seo againne faoi bhláth,tháinig aimsir scoite na bhfíniúna;tá an fearán ag durdáil amuigh,

13. figí glasa ar an gcrann,cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith.Éirigh chugam, a rún;a ghile, gluais liom.

14. Mo cholm i scailp na haille,i bhfolach i bpluaiseanna,dá bhfeicfinn do ghnúis,dá gcluinfinn do ghuth!óir is binn é do ghuth,is álainn í do ghnúis.

15. Beirigí ar na sionnaigh,na sionnaigh bheaga dúinn,do mhill an fíonghort,ár bhfíonghort faoi bhláth.

16. Liomsa mo ghrá agus leis-sean mise,i measc na mbláthanna chuir sé a thréad,

17. Go séide lágo scaipe scáth,fill...bí cosúil, a ghrá, le heilit,nó le hoisín na bhfiaar Chnoc [Tairngire].

Léigh chaibidil críochnaithe Laoi Na Laoithe 2