7. Inis dom, a ghrá mo chroí,Cá gcuireann tú do thréad ar féarach,Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad;i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardachtrí thréada do chomharsana?
8. Murab eol duit, a bhean thar mhná,lean lorg na gcaorach;cuir do mheannáin ar féarachin aice bhoth na dtréadaithe.
9. Mo chapaill faoi charbad Fhorainn,is mar sin liom tú, a chara.
10. Is breá do ghruanna d'ainneoin fáinní cluas,agus do mhuineál d'ainneoin muincí.
11. Déanfaimid muince óir duitagus cnaipí airgid inti.
12. Nuair atá an rí [ag a bhord],tá mo nard ag tabhairt a chumhrachta.
13. Miorr cumhra liom mo ghrái sparán ar mo bhrollach.
14. Gas coifir liom mo ghráas fíonghort Thobar Gheidí.