1. Laoi na laoithe do Sholamh.
2. Pógadh sé mé de phóga a bhéilóir is fearr do ghrá ná fíon.
3. Is maith é cumhracht d'ola,ola dhoirte d'ainma d'fhág na cailíní i ngean leat.
4. Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis.Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin.Tú ár n‑áthas, tú ár n‑aoibhneas.Mórfaimid do ghrá thar fhíon.Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit.
5. Más dubh mé, is sciamhach,a mhná Iarúsaileim;mar bhotha céadair,mar bhéalscátha Sholaimh.