Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 7:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Suas an gleann i gceantar Bhéitiúilia a chuadar, chomh fada le tobar atá ann, agus bhíodar leata amach ó Dhótán go Bealbáim, agus ag síneadh ó Bhéitiúilia siar go dtí Cúamón atá ag féachaint síos amach ar Easdraelón.

4. Thit an lug ar an lag ar mhuintir Iosrael nuair a chonaiceadar a raibh ann díobh. Bhí gach duine acu ag rá leis an bhfear in aice leis: “Bánóidh siad seo an tír fúthu agus uathu! Na sléibhte arda agus na cumair agus na cnoic conas a sheasfaidh siad faoina bhfuil ag brú anuas orthu?”

5. Thógadar chucu a gcuid arm agus lasadar tinte ar na túir agus thugadar an oíche sin ar fad ag faire.

6. An lá ina dhiaidh sin thug Holofarnaes a chuid marcach ar fad amach os comhair na nIosraelach a bhí i mBéitiúilia.

7. Scrúdaigh sé na bealaí suas isteach don bhaile, chuaigh timpeall na dtoibreacha uisce agus ghabh seilbh orthu. D'fhág sé garda ina dhiaidh ar gach tobar acu, agus d'fhill sé ar an slua.

8. Ar ball, bhí chuige taoisigh chlann Éasáu, agus oifigigh uile chathláin Mhóáb agus ceannairí an chósta thiar.

9. “A thiarna linn,” ar siad, “más é do thoil é, éist le focal uainn, agus ní baol aon bhriseadh ar d'arm.

10. Ní ar neart a gcuid sleánna atá an mhuintir seo Iosrael ag brath ach ar bheanna arda na gcnoc ina bhfuil siad ina gcónaí. Mar ní aon dóichín le dreapadh iad na beanna céanna.

11. Anois, a thiarna, seachain nach cath riartha a chuireann tú orthu. Ní gá go dtitfeadh oiread agus fear amháin de do shlua;

12. fan i do champa anseo agus coinnigh do chuid saighdiúirí slan - gach fear acu. Faighimisne, do ghiollaí, greim ar an bhfuarán uisce atá ag brúchtaíl amach ag bun an chnoic:

13. as san a fhaigheann pobal Bhéitiúilia uile a gcuid uisce. Cloífidh an tart iad agus géillfidh siad an baile. Rachaimidne agus ár gcuid fear in airde ar bheanna na gcnoc is giorra dóibh agus fanfaimid faoi airm ann ag faire. Mar sin, ní fhéadfaidh duine acu éalú as an mbaile,

14. agus caillfear leis an ocras iad, agus a gcuid ban agus páistí ina dteannta. Sínfear marbh iad sa tsráid ina gcónaíonn siad, gan aon chlaíomh a theacht ina dtreo.

15. Bainfidh tú díoltas dian amach orthu thar ceann an dúshláin a thugadar duit, in ionad teacht chugat go síochánta.”

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 7