24. “Mhaise, go maithe Dia daoibh é,” ar siad, “nach ndéanfadh sibh síocháin leis na hAsaírigh, in ionad an donas a thabhairt anuas orainn!
25. Nach bhfeiceann sibh nach bhfuil aon chabhair fágtha againn agus nach bhfuil Dia féin dár gcosaint anois: táimid caite chucu aige, agus gan i ndán dúinn ach an tart is an t‑angar go mbeimid sínte marbh os a gcomhair.
26. Féach, glaoigí isteach anois láithreach iad agus tugaigí an baile go léir mar chreach do mhuintir Holofarnaes agus dá arm!
27. Sclábhaíocht a bheadh i ndán dúinn, ach b'fhearr titim chucu mar chreach agus bheith beo ná bheith ag féachaint ar ár gclann ag fáil bháis lenár súile cinn, agus ár gcuid ban is naíonán i ndeireadh na dé.
28. Mura ndéantar seo inniu, tá an spéir agus an talamh á nglaoch againn mar fhínnéithe in bhur n‑aghaidh - tá, agus Dia féin, tiarna ár sinsear, atá ag agairt ár bpeacaí agus peacaí ár n‑aithreacha orainn.”
29. Agus scairt an cruinniú sin amach le chéile, ag olagón in ard a gcinn, agus gach béic astu chun an Tiarna Dia.
30. Labhair Uizíá leo. “Misneach, a dhaoine!” ar seisean. “Féach: fanfaimid cúig lá eile agus beidh an Tiarna, ár nDia, chugainn lena chineáltas. Ní chaithfidh sé uaidh ar fad sinn, cinnte.
31. Ach mura mbíonn aon chabhair chugainn i gceann na gcúig lá sin, déanfaidh mé mar a dúirt sibh.”
32. Agus scaoil sé uaidh na daoine, gach duine acu chun a áite féin. Chuaigh na fir in airde ar na múrtha agus na túir, agus chuireadar abhaile chun a dtithe a gcuid ban agus leanaí. Agus is iad a bhí in umar na haimiléise sa bhaile sin.