Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 6:10-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Agus d'ordaigh Holofarnaes do na giollaí a bhí thart timpeall air ina bhoth breith ar Aichíór agus é ardú leo go Béitiúilia agus é thabhairt do mhuintir Iosrael.

11. Ghabh na giollaí é agus thógadar leo amach as an gcampa é. Ansan thugadar a gcúl don mhachaire agus a n‑aghaidh ar na sléibhte, go dtángadar go dtí na toibreacha uisce atá laistíos de chathair Bhéitiúilia.

12. Ní túisce a thug gardaí na cathrach thuas faoi deara iad ná rugadar ar a gcuid arm agus amach leo go dtí barr na fána agus gach fear orthu a raibh crann tabhaill aige, bhí sé ag gabháil de chlocha síos orthu, i dtreo nár fhéadadar aon chor a thabhairt aníos.

13. D'fhanadar ar foscadh thíos ag bun an chnoic mar sin, fad a bhí cuibhreacha á gcur ar Aichíór acu. Ansan d'fhágadar caite ansin é, agus abhaile leo go dtí a máistir.

14. Ar ball, bhí muintir Iosrael anuas as an mbaile, agus nuair a thángadar chomh fada leis, bhaineadar na cuibhreacha de. Suas leo go dtí Béitiúilia ansin agus thugadar os comhair mhaoir an bhaile é.

15. Uizíá mac Mhíceá de threibh Shimeon agus Chaibris mac Ghotoiníéil agus Chairmis mac Mheilcíéil na maoir a bhí ann an t‑am san.

16. Chuireadarsan fios chun cruinnithe ar sheanóirí an bhaile, agus bhí an t‑aos óg agus na mná chucu ar sodar chomh maith. Cuireadh Aichíór ina sheasamh i lár an tslua, agus cheistigh Uizíá é i dtaobh ar tharla.

17. D'inis sé dóibh a ndúradh i gcomhairle Holofarnaes, an méid a dúirt sé féin os comhair taoiseach na nAsaíreach, agus an bladhmann go léir a bhí ag Holofarnaes i dtaobh a ndéanfadh sé do mhuintir Iosrael.

18. Shléacht an slua go talamh in onóir do Dhia agus thógadar a nguthanna suas chuige.

19. “A Thiarna, Dia na bhFlaitheas,” ar siad, “féach an mór is fiú atá ar siúl acu, agus déan trócaire ar ar gcine atá faoin mbráca. Táimid coisricthe duit, agus is chugat atá ár súile: féach orainn le taise inniu.”

20. Thugadar cuidiú carad d'Aichíór, agus ardmholadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 6