Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 5:12-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Screadadar os ard chun an Dé a bhí acu, agus chuir seisean plánna ar an Éigipt uile nach raibh leigheas orthu. Níorbh ionadh ina dhiaidh san gur chuir muintir na hÉigipte chun bóthair as a radharc iad.

13. D'ísligh Dia an Mhuir Rua go grinneall rompú,

14. agus seo leo trí Shíonái agus Cáidéis Bairneá, eisean á dtreorú agus treibheanna an fhásaigh á gcur as seilbh i ndiaidh a chéile acu.

15. Chuireadar fúthu i dtír na nAmórach agus rinneadar sceanairt de mhuintir Heisbeon le neart airm. Ina dhiaidh sin, chuireadar an Iordáin díobh anoir, agus ghabhadar seilbh ar na cnoic theas ansiúd.

16. Na Canánaigh agus na Pirizigh agus na Iabúsaigh agus muintir Sheicim agus na Giorgáisigh, na treibheanna a bhí ann rompu, ghlanadar as a slí iad, agus d'áitíodar féin sa tír ar feadh i bhfad.”

17. “An fad nach ndearnadar aon pheaca in aghaidh an Dé a bhí acu, bhí leo, mar Dia is ea é ar gráin leis an éagóir.

18. Ach nuair a d'iompaíodar i leataobh ón mbóthar a bhí leagtha amach aigesean dóibh, bhí scéal eile ann. Cuireadh cath i ndiaidh catha orthu, agus maraíodh cuid mhór acu san ár agus tógadh cuid eile i mbraighdeanas go dtí tír iasachta. Níor fágadh de Theampall a nDé ach an dúshraith fuar, agus bhí a gcuid cathracha ar fad i seilbh a naimhde.

19. Ach le tamall anuas tá siad tar éis iompú arís ar a nDia, agus tá siad tagtha ar ais ón deoraíocht agus ón scaipeadh agus tá seilbh acu arís ar Iarúsailéim, mar a bhfuil a dTeampall acu, agus gabháltais arís ar na cnoic acu, áit nach raibh duine beo tráth.”

20. “Éist liom anois, a thiarna agus a shoilse. Abair go bhfuil dul amú ar an gcine seo, agus peaca á dhéanamh acu i gcoinne a nDé dá bharr; má aithnimidne go cruinn céard a chuirfeadh an laige seo orthu, níl le déanamh ach siúl suas isteach ina gcoinne agus tabhairt fúthu.

21. Ach más rud é nach bhfuil aon choir ar an gcine seo glac mo chomhairle, a thiarna liom; fág ansin iad, mar ní fios duit nach mbeadh lámh chosanta tharstu ag an Tiarna agus dídean ón Dia sin acu. Má tá, beimidne inár gceap magaidh ag an tír uile.”

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 5