Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 3:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuireadar taidhleoirí chuige, agus an focal bog ina mbéal.

2. “Is le Nabúcadnazar, an t‑ardrí, sinne,” a dúradar. “Sleachtaimid duit. Déan linn mar is toil leat.

3. Tá a bhfuil againn os do chomhair - tithe, feirmeacha agus goirt arbhair agus tréada caorach agus bó agus banracha lena mbothanna - déan leo mar is toil leat.

4. Féach, ár mbailte leis agus a gcónaíonn iontu. Seirbhísigh leat iad uile; tar agus déan leo mar is toil leat.”

5. Sin é an port a bhí ag na taidhleoirí nuair a thángadar os comhair Holofarnaes.

6. Ghluais sé roimis go dtí cósta na farraige, é féin agus a arm, agus ní raibh baile cnoic sa tír nár chuir sé garastún ann agus nár thóg sé as togha na bhfear chun troda ina arm féin.

7. Muintir na mbailte sin agus muintir na tuaithe mórthimpeall, thagaidís ag failtiú roimhe mar dhea, agus fleasca bláth orthu agus iad ag bualadh bodhrán agus ag rince.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 3