1. Chuireadar taidhleoirí chuige, agus an focal bog ina mbéal.
2. “Is le Nabúcadnazar, an t‑ardrí, sinne,” a dúradar. “Sleachtaimid duit. Déan linn mar is toil leat.
3. Tá a bhfuil againn os do chomhair - tithe, feirmeacha agus goirt arbhair agus tréada caorach agus bó agus banracha lena mbothanna - déan leo mar is toil leat.
4. Féach, ár mbailte leis agus a gcónaíonn iontu. Seirbhísigh leat iad uile; tar agus déan leo mar is toil leat.”
5. Sin é an port a bhí ag na taidhleoirí nuair a thángadar os comhair Holofarnaes.
6. Ghluais sé roimis go dtí cósta na farraige, é féin agus a arm, agus ní raibh baile cnoic sa tír nár chuir sé garastún ann agus nár thóg sé as togha na bhfear chun troda ina arm féin.