Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 16:19-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Nuair a shroicheadar Iarúsailéim d'adhradar Dia, agus a luaithe a bhí an pobal íonghlanta rinneadar a n‑íobairtí loiscthe agus a n‑íobairtí deonacha agus a mbronntanais a ofráil.

20. Rinne Iúidit gréithe uile Holofarnaes, a thug an pobal di, agus an ceannbhrat a thug sí féin léi ón seomra leapa, a thíolacadh do Dhia mar ofráil mhóide.

21. Bhí an pobal ag ceiliúradh in Iarúsailéim os comhair an Teampaill ar feadh trí mhí agus d'fhan Iúidit ina dteannta.

22. Nuair a bhí na laethanta sin thart d'fhill gach duine ar a oidhreacht féin; chuaigh Iúidit ar ais go Béitiúilia agus chuir fúithi ina tailte féin; bhí meas uirthi ar fud na tíre go léir lena linn.

23. Bhí a lán daoine á tochmharc, ach níor phós sí ar ais le haon duine ar feadh a saoil ón lá a d'éag a céile, Manaise, agus a bailíodh é chun a mhuintire.

24. Leath a clú agus a cáil i bhfad i gcéin de réir mar chuaigh sí in aois i dteach a fear céile nó go raibh sí céad agus a cúig bliain d'aois. Thug sí a saoirse dá hionailt. Fuair sí bás i mBéitiúilia agus chuireadar í in uaimh a fear céile, Manaise,

25. agus chaoin teaghlach Iosrael í ar feadh seacht lá. Sula bhfuair sí bás roinn sí a maoin ar ghaolta a fir, Manaise, agus a gaolta féin. Níor chuir aon duine scanradh ar chlann Iosrael go deo arís go lá a báis ná ar feadh aga fhada ina dhiaidh sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 16