Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 16:14-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Canfaidh mé iomann nua do mo Dhia.A Thiarna, is mór é thú agus is glórmhar,Is éachtach thú i neart, agus ní féidir thú a chloí.

15. Go bhfóna do chruthaíocht go léir duit,Óir labhair tú agus rinneadh iad.Sheol tú do spiorad uait agus chum sé iad.Níl aon duine ann a d'fhéadfadh cur i gcoinne do ghlóire.

16. Creathfar na sléibhte óna mbonnIna meascán leis na huiscí.Leáfaidh na carraigeacha romhatFaoi mar a dhéanfadh an chéir.Ach beidh tú trócaireach i gcónaíLeis an muintir ar a bhfuil eagla romhat.

17. Is suarach é gach íobairt mar ofráil chumhra.Agus sé is lú ar fad ná an tsaill d'íobairt loiscthe.An té ar a bhfuil eagla ar an Tiarna, beidh tathag ann go brách.

18. Is mairg do na náisiúin a éiríonn in aghaidh mo chine!Déanfaidh mo Thiarna uilechumhachtachdíoltas a imirt orthu lá na breithe;Seolfaidh sé tine agus cruimheanna ina bhfeoilAgus goilfidh siad le pian go deo.

19. Nuair a shroicheadar Iarúsailéim d'adhradar Dia, agus a luaithe a bhí an pobal íonghlanta rinneadar a n‑íobairtí loiscthe agus a n‑íobairtí deonacha agus a mbronntanais a ofráil.

20. Rinne Iúidit gréithe uile Holofarnaes, a thug an pobal di, agus an ceannbhrat a thug sí féin léi ón seomra leapa, a thíolacadh do Dhia mar ofráil mhóide.

21. Bhí an pobal ag ceiliúradh in Iarúsailéim os comhair an Teampaill ar feadh trí mhí agus d'fhan Iúidit ina dteannta.

22. Nuair a bhí na laethanta sin thart d'fhill gach duine ar a oidhreacht féin; chuaigh Iúidit ar ais go Béitiúilia agus chuir fúithi ina tailte féin; bhí meas uirthi ar fud na tíre go léir lena linn.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 16