Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 16:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin, agus Iosrael go léir ina timpeall, chuir Iúidit ceann ar an laoi mholta seo, agus chan an pobal go léir an t‑iomann seo in ard a gcinn

2. Dúirt Iúidit:Crochaigí suas do Dhia é ar na tiompáin!Ceolaigí don Tiarna leis na ciombail!Déanaigí comhcheadal sailm agus caintice dó!Déanaigí a ainm a mhóradh agus a ghairm.

3. Óir is Dia a bhascann cogaí é an Tiarna,Mar shuigh sé a longfort i measc a phobail.Agus d'fhuascail mé ó lámha mo naimhde.

4. Tháinig an tAsaíreach aduaidh ó na sléibhte;Tháinig sé leis na mílte ar mhílte dá shluaite;Rinne a mhathshlua coisithe na gleannta a thachtadh,Agus bhí a mharcshlua mar bhrat ar na sléibhte.

5. Mhaígh sé go gcuirfeadh sé mo chríocha trí thine,Agus go n‑imreodh sé faobhar claímh ar m'ógfhir,Go mbascfadh sé mo naíonáin ar an urlár,Go bhfuadódh sé mo leanaí mar bhrad,Agus mo mhaighdeana mar chreach;

6. Ach chuir an Tiarna uilechumhachtach bac orthuTrí láimh mná.

7. Óir ní le lámh na n‑ógánach a thit a gcumasach,Ná ní hiad clann na dTíotan a leag ar lár é,Ná ní hiad na fathaigh uallacha a rinne an fogha;Ach is í Iúidit, iníon Mharáraí,A scrios é le scéimh a ceannaithe.

8. Mar bhain sí di a feisteas baintrí,D'fhonn misneach a thabhairt do lucht an drochmhisnigh in Iosrael.Rinne sí a haghaidh a ungadh le hola,

9. Agus a folt a chóiriú faoi cheannbheart,Agus chuir brat lín uimpi lena bhréagadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 16