Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 15:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. An chuid eile de mhuintir Bhéitiúilia, thug siad fogha faoi longfort na hAsaíre, chreach é, agus fuair a lán éadála.

7. Nuair a d'fhill clann Iosrael ón eirleach, ghabhadar a raibh fágtha; fuair na bailte agus na sráidbhailte ar na hardáin agus sna hísleáin a lán creiche chomh maith, mar bhí sí ann go flúirseach agus go raidhsiúil.

8. Ansin tháinig Ióacaím an t‑ardsagart agus seanad chlann Iosrael a bhí ag cur fúthu in Iarúsailéim le lán na súl a fháil de na nithe fónta a rinne an Tiarna do Iosrael agus le Iúidit a fheiceáil agus gairdeas a dhéanamh léi.

9. Nuair a tháinig siad chun a tí, cheiliúir siad go léir di d'aonghuth, agus dúirt:“Is tú glóir Iarúsailéim:Is tú ábhar mórmhaíte Iosrael!Is tú barr onóra ár gcine!

10. Le neart do láimhe féin a rinne tú an méid sin uile!Is mór an chomaoin a chuir tú ar Iosrael!Agus is gean le Dia do bheart.Go raibh beannacht ón Uilechumhachtach ortGo brách na breithe.”Agus d'fhreagair an pobal ar fad: “Amen. Amen.”

11. Bhí an longfort á chreachadh ag an bpobal go léir ar feadh deich lá fichead. Thug siad both Holofarnaes, a ghréithe airgid go léir, a tholga, a mhiasa, agus a throscán do Iúidit. Thóg sí léi iad; chuir ualach díobh ar a miúil, ghabh a trucailí agus chruach an airnéis in airde orthu.

12. Ansin bhrostaigh mná Iosrael go léir le chéile le hí a fheiceáil, agus mhol í, agus chóirigh iad féin ina bhfoirne rince ina honóir; fuair sí craobha agus dháil sí ar a lucht coimhdeachta iad;

13. ansin chuir sí féin agus a bantracht fleasca olóige orthu féin. Chuaigh sí ar thosach na buíne go léir, ag cur ceann ar rince na mban go léir.

14. Lean fir Iosrael go léir iad faoi airm agus faoi bhláthfhleasca, agus iomainn á gcanadh acu.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 15