Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 15:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a chuala an mhuintir a bhí ina mbothanna fós an scéal, chuir sé alltacht orthu.

2. Tháinig scéin agus eagla a gcroí orthu i dtreo gur theith gach fear fiú óna chomharsa agus gur bhrúchtadar go léir amach de ruathar ar gach bealach trasna an mhachaire agus faoin sliabh suas.

3. An dream a bhí i gcampaí timpeall ar Bhéitiúilia, theith siad leo chomh maith. Ansin rinne clann Iosrael, gach saighdiúir ina measc, ruathar fúthu.

4. Chuir Uizíá teachtairí go Béiteomastaím, go Baebaí, go Chóbaí, go Chólá agus ar fud ardáin Iosrael á fhógairt céard a tharla agus ag spreagadh cách chun fogha a thabhairt faoi na naimhde agus iad a scriosadh.

5. A luaithe a fuair clann Iosrael an scéala thugadar fogha fúthu le chéile agus bhíodar á dtreascairt ar feadh na slí go léir go Chóbaí. Tháinig muintir Iarúsailéim agus na n‑ardán go léir freisin le bheith páirteach leo mar insíodh dóibh cad a thit amach i longfort a naimhde. Ansin thug an mhuintir i nGileád agus sa Ghailíl fúthu ón gcliathán agus rinne iad a phleancadh go dian nó gur shroicheadar an Damaisc agus a críocha.

6. An chuid eile de mhuintir Bhéitiúilia, thug siad fogha faoi longfort na hAsaíre, chreach é, agus fuair a lán éadála.

7. Nuair a d'fhill clann Iosrael ón eirleach, ghabhadar a raibh fágtha; fuair na bailte agus na sráidbhailte ar na hardáin agus sna hísleáin a lán creiche chomh maith, mar bhí sí ann go flúirseach agus go raidhsiúil.

8. Ansin tháinig Ióacaím an t‑ardsagart agus seanad chlann Iosrael a bhí ag cur fúthu in Iarúsailéim le lán na súl a fháil de na nithe fónta a rinne an Tiarna do Iosrael agus le Iúidit a fheiceáil agus gairdeas a dhéanamh léi.

9. Nuair a tháinig siad chun a tí, cheiliúir siad go léir di d'aonghuth, agus dúirt:“Is tú glóir Iarúsailéim:Is tú ábhar mórmhaíte Iosrael!Is tú barr onóra ár gcine!

10. Le neart do láimhe féin a rinne tú an méid sin uile!Is mór an chomaoin a chuir tú ar Iosrael!Agus is gean le Dia do bheart.Go raibh beannacht ón Uilechumhachtach ortGo brách na breithe.”Agus d'fhreagair an pobal ar fad: “Amen. Amen.”

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 15