Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 12:7-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Agus thug Holofarnaes ordú dá bhuíon chosanta gan cosc a chur léi. D'fhan sí sa longfort trí lá agus théadh sí amach gach oíche go Gleann Bhéitiúilia, agus dhéanadh í féin a ní sa tobar (sa champa).

8. Ag teacht aníos di, ghuíodh sí chun Tiarna Dia Iosrael lena stiúradh ar an mbealach lena pobal a fhuascailt.

9. D'fhilleadh sí arna híonghlanadh agus d'fhanadh sí sa bhoth nó go gcaitheadh sí a cuid i dtreo an tráthnóna.

10. Ar an gceathrú lá bhí fleá ag Holofarnaes dá ghiollaí féin amháin, gan aon chuireadh a thabhairt d'aon duine dá fheidhmeannaigh.

11. Dúirt sé le Bagóas, an coillteán a bhí i bhfeighil a ghnóthaí pearsanta go léir: “Imigh anois agus áitigh ar an Eabhraíoch atá faoi do chúram teacht agus bia agus deoch a chaitheamh farainn.

12. Ba náire agus ba aithis é dá ligfimis do bhean dá leithéid imeacht gan caidreamh a bheith againn léi; mura meallfaimid í, déanfaidh sí fonóid fúinn.”

13. Ghabh Bagóas amach dá bhrí sin ó láthair Holofarnaes agus chuaigh ag triall ar Iúidit agus dúirt: “Ar mhiste leis an ionailt sciamhach seo teacht chun mo thiarna agus onóir a fháil ina láthair, agus fíon a ól agus scléip a bheith aici inár gcuideachta, agus í féin a iompar inniu mar bhean choimhdeachta de chuid na nAsaíreach i bpálás Nabúcadnazar.”

14. D'fhreagair Iúidit: “Cé hí mise a rá is go ndiúltóinn mo thiarna? Déanfaidh mé gan mhoill, ar ndóigh, cibe ní is áil leis, agus beidh sin mar lúcháir agam go dtí lá mo bháis.”

15. D'éirigh sí dá bhrí sin, agus ghléas sí í féin le barr maise banúla; ghabh a hionailt roimpi amach agus leath os comhair Holofarnaes na seithí boga a fuair sí ó Bhagóas dá gnáthúsáid le go luífeadh sí orthu agus í ag caitheamh bia.

16. Ansin tháinig Iúidit isteach agus luigh síos. Chuir sí draíocht ar chroí Holofarnaes agus suaitheadh ó bhonn é, agus tháinig fonn tréan air luí léi; ón gcéad lá a leag sé súil uirthi, bhí sé ag faire na faille chun cluain a chur uirthi.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 12