Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 11:13-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Ní hé amháin go bhfuil sé socair acu céadtorthaí an arbhair agus deachúna an fhíona agus na hola a chaitheamh, cé go bhfuil siadsan coisricthe agus tíolactha do na sagairt a dhéanann freastal i láthair ár nDé in Iarúsailéim, agus ní cheadmhach don phobal fiú baint leis na nithe sin lena lámha.

14. Sheol siad teachtairí go Iarúsailéim - tá an rud céanna ar siúl ag an muintir ansiúd - le cead a thabhairt ar ais chucu ón seanad.

15. Mar seo a bheidh: nuair a gheobhaidh siad scéala agus go ndéanfaidh siad dá réir, an lá ceannann céanna sin, tabharfar suas duitse iad le scrios.

16. Nuair a fuair mise, do dhaoirseach, an méid sin go léir amach, theith mé uathu. Agus chuir Dia mé le nithe a bhainfidh creathadh as an domhan go léir, de réir mar a chloisfidh siad fúthu, a chur i gcrích i do theannta.

17. Bean dheabhóideach is ea do dhaoirseach, agus déanann sí freastal ar Dhia na bhFlaitheas de lá agus oíche. Fanfaidh mé farat dá bhrí sin, a thiarna; rachaidh do dhaoirseach amach faoin ngleann gach oíche agus guífidh mé chun Dé agus déarfaidh sé liom cathain a bheidh peaca déanta acu.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 11