Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 10:4-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Chuir sí uirthi a cuaráin, a muincí agus braisléid, a fáinní méar agus cluas, agus a hornáidí go léir; mhaisigh sí í féin le barr scéimhe le go meallfadh sí croí gach fir a leagfadh súil uirthi. (Agus bhronn an Tiarna maise bhreise uirthi, ós rud é nach ó mhacnas ach ó shuáilce a tháinig an maisiú seo go léir).

5. Thug sí seithe fíona agus buidéal ola dá hionailt; líon sí mála le heorna rósta agus le císte de thorthaí tíortha agus le harán mín; rinne sí na gréithe sin go léir a cheangal ina mbeartán agus thug dá hionailt iad le hiompar.

6. D'imíodar leo amach go geata bhaile Bhéitiúilia, agus fuaireadar Uizíá ansiúd ina sheasamh mar aon le seanóirí an bhaile, Chaibris agus Chairmis.

7. Nuair a chonaiceadar í agus í ar malairt dreach agus i malairt feistis, rinneadar ardionadh dá scéimh, agus dúradar léi:

8. “Go raibh gnaoi Dhia ár sinsear ort agus go gcomhlíona sé do phleananna chun glóir chlann Iosrael agus do mhóradh Iarúsailéim.”

9. D'umhlaigh sí do Dhia agus dúirt leo: “Ordaigí geata an bhaile a oscailt dom le go rachainn amach agus go gcuirfinn i gcrích a bhfuil ráite agaibh fúm.” D'ordaíodar do na hógfhir oscailt di mar a dúirt sí.

10. Nuair a bhí déanta amhlaidh acu, ghabh Iúidit amach agus a hionailt lena cois; d'fhair fir an bhaile í nó gur ghabh sí an cnoc síos agus go ndeachaigh sí trasna an ghleanna agus gur imigh sí as a radharc.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 10