Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 8:2-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ansin faigh finnéithe dom atá inmhuinín: an sagart Úiriá agus Zacairiá, mac Ibiricia.”

3. Chuaigh mé i leith an bhanfháidh. Ghabh sí agus shaolaigh mac. Dúirt an Tiarna liom: “Tabhair Machaer Seálál Hais Baz mar ainm air,

4. óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.”

5. Labhair an Tiarna liom arís agus dúirt:

6. “As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d'uiscí Shileoa shileann go suaimhneach,agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizínagus mac Ramailiá,

7. cuirfidh an Tiarna ag líonadh in bhur gcoinneuiscí tréana domhaine na hAbhann(rí na hAsaíre agus a ghlóir go hiomlán).Sceithfidh sí as a grinneallagus cuirfidh sí thar a bruacha ar fad;

8. beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá,agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál,agus beidh a sciatháin spréitethar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”

9. Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh;éistigí, a chiníocha i gcéin,ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh,ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh.

10. Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath;focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann,mar tá Dia linne.

11. Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom,nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadhó shlí an phobail seo a leanúint.

12. “Ná tabhair comhcheilgar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air;an ní is eagal leo,ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 8