Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 8:11-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom,nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadhó shlí an phobail seo a leanúint.

12. “Ná tabhair comhcheilgar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air;an ní is eagal leo,ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.

13. Tiarna na Slua,is é nach mór a naomhú;roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan.

14. Eisean an sanctóir agus an ceap tuisleeisean an charraig a bhainfidh leaganas dhá theaghlach Iosrael;é ina shás agus ina ghaistedo mhuintir Iarúsailéim.

15. Agus bainfear tuisle as mórán díobh,titfidh siad agus brisfear iad;rachaidh siad sa dol agus béarfar orthu.”

16. Tá an tiomna faoi chlúdach,an teagasc faoi shéala agami gcroí mo dheisceabal.

17. Tá mé ag fanacht leis an Tiarna,atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib,is ann atá mo dhóchas.

18. Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom,is tuar agus mana sinn in Iosraeló Thiarna na Slua,a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.

19. Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsíagus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil;- cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéitheagus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,

20. chun teagasc agus tiomna a fháil.”Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad,mar níl breacadh lae i ndán dóibh.

21. Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocrasagus leis an ocras tiocfaidh fearg orthuagus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia;ag amharc in airde dóibh

22. nó ag breathnú síos ar an talamh,níl ann ach anbhroid agus dorchadas,gruamacht na hanbhuaine,agus ní fheicfidh siad ach an oíche.

23. An ea nach mbíonn gruamacht mar a mbíonn anbhuain? 1 San am atá thart thug sé béim síos do thír Zabúlun agus do thír Naftáilí, ach san am atá ag teacht ardóidh sé bealach na farraige, an taobh thall den Iordáin, Gailíl na gciníocha.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 8