Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 7:9-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. is í an tSamáir ceann Eafráim,agus mac Ramailiá ceann na Samáire.Ach mura seasann sibhse liomsa,níl seasamh i ndán daoibh.’ ”

10. Agus labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt:

11. “Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.”

12. D'fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”

13. Ansin dúirt sé:“Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví,an é nach beag daoibh sárú ar dhaoinego gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?

14. Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh.Seo, tá an ógbhean ag iomparagus ar tí mac a shaolú,agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.

15. Bleacht agus mil a chothóidh égo dtí go mbeidh a fhios aigediúltú don olc agus an mhaith a roghnú.

16. Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olcagus an mhaith a roghnú,beidh an tír úd ina díthreabh,agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.

17. Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobalagus ar theaghlach d'atharlaethe nár tháinig a leithéidón am a scar Eafráim le Iúdá(rí na hAsaíre).

18. Sa lá sin, ligfidh an Tiarna fead ar na mioltógaas bun abhann na hÉigipte,agus ar na beacha ó thír na hAsaíre,

19. chun go dtiocfaidís go léir a thuirlingar na haltáin chrochta agus ar scailpeacha na gcarraigeacha,ar sceacha agus ar thalamh féaraigh.

20. Sa lá sin, beidh an Tiarna ag bearradhle rásúr a fruilíodh taobh thall den Abhainn(rí na hAsaíre);an ceann agus fionnadh an choirp,go fiú an fhéasóg is ea lomfaidh sé.

21. Sa lá sin, tógfaidh gach duineaon bhó amháin agus dhá chaora,

22. agus de bharr flúirseacht an táil,bia bleachta agus mil a chothóidha bhfuil fágtha sa tír.

23. Sa lá sin, gach áit a bhfuil míle fíniúin,arbh fhiú míle píosa airgid iad,ní bheidh ann ach driseacha agus sceacha.

24. Beidh gá le bogha agus le saigheada ag dul isteach ann,óir driseacha agus sceacha a bheidh sa talamh ar fad.

25. Na sléibhte a romhraíodh le rámhainn,ní rachaidh aon duine iontu níos mo,le heagla roimh na driseacha agus na sceacha;fearann eallaigh a bheidh ann, agus réimse do chaoirigh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 7