Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 7:2-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Tugadh an scéala seo chuig teaghlach Dháiví: “Tá Arám tar éis dul isteach in Eafráim.” Agus tháinig crith ar chroí an rí agus ar chroí an phobail mar a thagann ar chrainn na coille roimh an ghaoth.

3. Agus dúirt an Tiarna le hÍseáia: “Seo, gabhaigí in airicis Áchaz, tú féin agus do mhac Seár Iáisiúb, go bun chlais na Linne Uachtair, go bealach Pháirc an Úcaire,

4. agus déarfaidh tú leis:Aire dhuit, ná bíodh imní ort, ná eagla;ná bíodh do chroí anbhann,de bharr an dá ghal soip úd,

5. as siocair Arám, Eafráim agus mac Ramailiá,a bheith ag beartú thú a mhilleadh, á rá:

6. Téimis suas in éadan Iúdá chun scéin a chur annagus chun a ghabháil dúinn féin,agus déanfaimid rí annde mhac Thaibéal.’

7. Mar seo a deir an Tiarna Dia:‘Ní tharlóidh, ní mar sin a bheidh.

8. Is í an Damaisc ceann Arám,agus Reizín, ceann na Damaisce;Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta,beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos,

9. is í an tSamáir ceann Eafráim,agus mac Ramailiá ceann na Samáire.Ach mura seasann sibhse liomsa,níl seasamh i ndán daoibh.’ ”

10. Agus labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt:

11. “Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.”

12. D'fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”

13. Ansin dúirt sé:“Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví,an é nach beag daoibh sárú ar dhaoinego gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?

14. Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh.Seo, tá an ógbhean ag iomparagus ar tí mac a shaolú,agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 7