Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 7:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.

2. Tugadh an scéala seo chuig teaghlach Dháiví: “Tá Arám tar éis dul isteach in Eafráim.” Agus tháinig crith ar chroí an rí agus ar chroí an phobail mar a thagann ar chrainn na coille roimh an ghaoth.

3. Agus dúirt an Tiarna le hÍseáia: “Seo, gabhaigí in airicis Áchaz, tú féin agus do mhac Seár Iáisiúb, go bun chlais na Linne Uachtair, go bealach Pháirc an Úcaire,

4. agus déarfaidh tú leis:Aire dhuit, ná bíodh imní ort, ná eagla;ná bíodh do chroí anbhann,de bharr an dá ghal soip úd,

5. as siocair Arám, Eafráim agus mac Ramailiá,a bheith ag beartú thú a mhilleadh, á rá:

6. Téimis suas in éadan Iúdá chun scéin a chur annagus chun a ghabháil dúinn féin,agus déanfaimid rí annde mhac Thaibéal.’

7. Mar seo a deir an Tiarna Dia:‘Ní tharlóidh, ní mar sin a bheidh.

8. Is í an Damaisc ceann Arám,agus Reizín, ceann na Damaisce;Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta,beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos,

9. is í an tSamáir ceann Eafráim,agus mac Ramailiá ceann na Samáire.Ach mura seasann sibhse liomsa,níl seasamh i ndán daoibh.’ ”

10. Agus labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt:

11. “Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.”

12. D'fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”

13. Ansin dúirt sé:“Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví,an é nach beag daoibh sárú ar dhaoinego gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 7