Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 66:9-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. An dtabharfaidh mé chun breithe, gan an bhreith a thabhairt chun críche?a deir an Tiarna.Mise a ghin, an ndúnfaidh mé an bhroinn?a deir do Dhia.

10. Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim,bíodh áthas oraibh, a lucht na páirte, mar gheall uirthi!Gáirigí le gairdeas mar gheall uirthi,sibh uile a raibh éide bhróin oraibh ina diaidh!

11. Ionas go dtálfar bhur sáith oraibhó chíocha na sólás,ionas go mblaisfidh sibh go fonnmharde dhiúl a glóire.

12. Óir is mar seo a deir an Tiarna:Cuirfidh mé an tsíocháin uaimag triall uirthi mar bheadh abhainn ann,agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruachasaibhreas na gciníocha.Beidh a leanaí cíche á n‑iompar ar an leisagus á luascadh ar ghlúine.

13. Mar a bheadh máthair ag cur páiste chun suaimhnis,mise chomh maith, tabharfaidh mé suaimhneas daoibhse.(In Iarúsailéim a gheobhaidh sibh suaimhneas.)

14. Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí,agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir.Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísighagus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.

15. Óir féach, tá an Tiarna ag teacht i gcaor thineagus a charbadra ar nós guairneán gaoithe,chun a chuid feirge a scaoileadh ina fraoch,agus a aithis in aon bharr amháin lasrach.

16. Mar tá an Tiarna chun breith a thabhairt le tine,chun an cine daonna a chiontú lena chlaíomh,agus marófar mórán leis an Tiarna.

17. An dream a choisreacann agus a ghlanann iad féin i ngairdíní,duine i ndiaidh an duine i bhfáinne draíochta,a itheann feoil mhuice agus luchóg agus péisteanna gránna,béarfaidh drochchríoch ar an iomlán acu,briathar an Tiarna.

18. Tá mé ag teacht chun ciníocha na n‑uile theanga a chruinniú le chéile. Tiocfaidh siad a bhreathnú ar mo ghlóir.

19. Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.

20. Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir - ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta - go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna.

21. Agus cuid acu, déanfaidh mé sagairt agus Léivítigh díobh dom féin, a deir an Tiarna.

22. Óir na spéartha nua agus an talamh nuaatá á gcruthú agam,díreach mar a bheidh siadsan buan i mo láthair, briathair an Tiarna,is amhlaidh a bheidh bhur gcine agus bhur n‑ainm buan chomh maith.

23. Mí in aghaidh na míosa le teacht na ré nua,agus seachtain in aghaidh na seachtaine lá na sabóide,tiocfaidh an cine daonna go léir ag sléachtadh i mo láthair,a deir an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 66