Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 66:11-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ionas go dtálfar bhur sáith oraibhó chíocha na sólás,ionas go mblaisfidh sibh go fonnmharde dhiúl a glóire.

12. Óir is mar seo a deir an Tiarna:Cuirfidh mé an tsíocháin uaimag triall uirthi mar bheadh abhainn ann,agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruachasaibhreas na gciníocha.Beidh a leanaí cíche á n‑iompar ar an leisagus á luascadh ar ghlúine.

13. Mar a bheadh máthair ag cur páiste chun suaimhnis,mise chomh maith, tabharfaidh mé suaimhneas daoibhse.(In Iarúsailéim a gheobhaidh sibh suaimhneas.)

14. Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí,agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir.Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísighagus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.

15. Óir féach, tá an Tiarna ag teacht i gcaor thineagus a charbadra ar nós guairneán gaoithe,chun a chuid feirge a scaoileadh ina fraoch,agus a aithis in aon bharr amháin lasrach.

16. Mar tá an Tiarna chun breith a thabhairt le tine,chun an cine daonna a chiontú lena chlaíomh,agus marófar mórán leis an Tiarna.

17. An dream a choisreacann agus a ghlanann iad féin i ngairdíní,duine i ndiaidh an duine i bhfáinne draíochta,a itheann feoil mhuice agus luchóg agus péisteanna gránna,béarfaidh drochchríoch ar an iomlán acu,briathar an Tiarna.

18. Tá mé ag teacht chun ciníocha na n‑uile theanga a chruinniú le chéile. Tiocfaidh siad a bhreathnú ar mo ghlóir.

19. Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 66