Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 66:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo mar a deir an Tiarna:Is iad na spéartha mo chathaoir ríogaagus an talamh stól mo chos!Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom?Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?

2. Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad;is liom féin an t‑iomlán, briathar an Tiarna.Ach an té a dtugaimse aird air,is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite,an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.

3. An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna,a mharaíonn uan agus a thachtann madadh,a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice,a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola,tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí,agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.

4. Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean,agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo.Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine,labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht.Rinne siad an rud a b'olc i mo shúile,agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo.

5. Éistigí le briathar an Tiarna,sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriatharBhur muintir féin gur fuath leo sibh,agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm,deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir,go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.”Ach is orthu féin a bheidh an náire.

6. An ghlóraíl agus an ghlafarnach sin sa chathair,an glór ag teacht ón Teampall,glór an Tiarna is ea éagus é ag baint sásaimh as a naimhde.

7. Bean a bhreith clainne gan tinneasagus mac a shaolú gan bheith i bpriacal!

8. Cé a chuala trácht ar a leithéid,cé a chonaic a leithéid riamh?An saolaítear tír in aon lá amháin,an dtugtar náisiún chun breithe d'aon uain amháin?Ach níor luaithe Síón ina luí seoilná thug sí clann mhac ar an saol!

9. An dtabharfaidh mé chun breithe, gan an bhreith a thabhairt chun críche?a deir an Tiarna.Mise a ghin, an ndúnfaidh mé an bhroinn?a deir do Dhia.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 66