Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 65:16-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. An té a mbeidh beannacht uaidh ar talamh, beannacht ó Dhia na fírinne a bheidh uaidh, agus an té a thabharfaidh a mhionn ar talamh, dar Dia na fírinne a mhionnóidh sé, óir ligfear amhgar an tseanama i ndearmad agus beidh sé ceilte ar mo radharc.

17. Óir tá mé chun spéartha nua agus talamh nua a chruthú agus ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla, ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.

18. Ach déanáigí gairdeas agus bíodh lúcháir oraibh go deo agus go brách as a bhfuil á chruthú agam, mar tá mé chun Iarúsailéim a chruthú ina lúcháir agus a muintir ina ngairdeas.

19. Beidh lúcháir orm féin as Iarúsailéim, beidh gairdeas orm as mo mhuintir. Ní chloisfear ann choíche glór an chaointe ná glaoch ar chabhair.

20. Ní bheidh níos mó ann naíonán nach maireann ach beagán laethanta ná seanduine nach dtugann a sheal. An té a mhaireann céad bliain, ní bheidh ann ach ógánach; agus an té nach maireann an céad, beidh sé amuigh air gur faoi chrann smola a bhí sé.

21. Tógfaidh siad tithe agus déanfaidh siad cónaí iontu; cuirfidh siad fíniúin agus íosfaidh siad a toradh.

22. Ní dhéanfaidh siad tógáil a bheidh mar áit chónaithe ag daoine eile; ní chuirfidh siad síol le go mbeidh daoine eile ag ithe. Óir tabharfaidh mo mhuintir saol fada leo ar nós saol na gcrann, agus is fada a bheidh mo dhaoine tofa ag baint leas as saothar a lámh.

23. Ní bheidh siad ag sclábhaíocht in aisce ná ag saolú clainne chun a gcaillte, mar bunadh is ea iad a bhfuil beannacht ón Tiarna orthu, agus a sliocht ina ndiaidh.

24. Is amhlaidh a thabharfaidh mé freagra sula nglao siad; agus iad fós ag caint, beidh siad cloiste agam.

25. Beidh an mac tíre agus an t‑uan ag iníor le chéile, íosfaidh an leon cochán ar nós na mart, agus beathóidh an nathair í féin le deannach. Díth ná dochar ní dhéanfar níos mó ar mo shliabh beannaithe ar fad, a deir an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 65