Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 65:13-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Dá bharr sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:Beidh mo sheirbhísigh ag ithe, ach beidh ocras oraibhse;beidh mo sheirbhísigh ag ól, agus beidh tart oraibhse;beidh lúcháir ar mo sheirbhísigh, ach náire a bheidh oraibhse.

14. Beidh mo sheirbhísigh ag ceol, agus áthas ina gcroí.Ach sibhse, beidh sibh ag éagaoin le doilíos croí,agus ag olagón le hanbhuain anama.

15. Beidh bhur n‑ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua.

16. An té a mbeidh beannacht uaidh ar talamh, beannacht ó Dhia na fírinne a bheidh uaidh, agus an té a thabharfaidh a mhionn ar talamh, dar Dia na fírinne a mhionnóidh sé, óir ligfear amhgar an tseanama i ndearmad agus beidh sé ceilte ar mo radharc.

17. Óir tá mé chun spéartha nua agus talamh nua a chruthú agus ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla, ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.

18. Ach déanáigí gairdeas agus bíodh lúcháir oraibh go deo agus go brách as a bhfuil á chruthú agam, mar tá mé chun Iarúsailéim a chruthú ina lúcháir agus a muintir ina ngairdeas.

19. Beidh lúcháir orm féin as Iarúsailéim, beidh gairdeas orm as mo mhuintir. Ní chloisfear ann choíche glór an chaointe ná glaoch ar chabhair.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 65