Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 6:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile:“Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua.Tá an talamh lán dá ghlóir.”

4. Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach.

5. Arsa mise:Is mairg dom, tá mé caillte,óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan,tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlanagus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.

6. Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir.

7. Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt:“Seo, cuimleadh í seo le do bheola,tá do pheaca scriosta,tá d'urchóid clúdaithe.”

8. Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá:“Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?”D'fhreagair mise: “Seo anseo mise, cuir mise!”

9. Dúirt sé liom:“Imigh agus abair leis an bpobal seo:‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint,breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.

10. Déan croí an phobail seo trom,déan a gcluasa bodhar,dall a gcuid súl,ar eagla go bhfeicfeadh a súile,go gcloisfeadh a gcluasa,go dtuigfeadh a gcroí,go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”

11. Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé:“Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad,na tithe gan duine daonna,an tuath tréigthe,

12. agus go ndíbrí an Tiarna na daoine as.Fásach mór a bheidh i gcroílár na tíre,

13. agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán,is é an scrios atá i ndán dóibh freisin,ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán.Síol naofa is ea an grágán sin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 6