Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 59:12-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Óir is líonmhar ár bpeacaí i do láthair,agus tá ár gcionta ag tabhairt fianaise inár n‑aghaidh.Mar is feasach sinn ar bpeacaí,agus is eol dúinn go maith ár gcoireanna:

13. an Tiarna a thréigean agus a shéanadhagus imeacht ar shiúl ónár nDia,a bheith ag beartú ansmachta agus ceannairce,agus ag monabhar bréaga inár gcroí.

14. Caitear an ceart i leataobhagus seasann an fhíréantacht siar.Mar baineadh leagan as an iontaoibh ar fhaiche na cathrach,agus níl cead isteach ag an macántacht.

15. Tá an t‑ionracas in easnamhagus déantar slad ar fhear seachanta an oilc.Chonaic an Tiarna sin agus níor thaitin sé leisnach raibh ceart le fáil os a chomhair.

16. Chonaic sé nach raibh aon duine ann,agus b'iontach leis gan fear eadrána bheith le fáil.Mar sin rinne a lámh féin slánú dóagus ba í a fhíréantacht a chrann taca.

17. Chuir sé an fhíréantacht air ina lúireachagus clogad an tslánaithe ar a cheann.Chuir sé éadach an díoltais uime ina léineagus chlúdaigh é féin le díbheirg mar chlóca.

18. Cúiteoidh sé cách mar is dleacht,fearg dá naimhde agus díoltas dá eascairde.

19. Beidh urraim d'ainm an Tiarna aniaragus dá ghlóir ó éirí na gréine.Óir tiocfaidh sé mar a bheadh tuile á cúnglú idir dhá bhruachagus siorradh ón Tiarna á siabadh.

20. Ach tiocfaidh sé go Síón mar fhuascailteoir,chuig muintir Iacóib agus a bpeacaí tréigthe acu.Briathar féin an Tiarna an méid sin!

21. Maidir liom féin, is é seo mo chonradh leo, a deir an Tiarna: Mo spioradsa atá ag lonnú ort agus mo bhriathra atá curtha i do bhéal agam, ní imeoidh siad as do bhéal, ná as béal do shleachta, ná as béal shliocht do shleachta feasta go deo. Sin é a deir an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 59