Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 59:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ní hé go bhfuil lámh an Tiarna chomh giorraithe sinnach bhfuasclaíonn,ná a chluas chomh mall nach gcloiseann.

2. Ach is iad bhur gcionta atá ina nduibheagánidir sibh agus bhur nDia.Thug bhur bpeacaí air a aghaidh a chlúdachionas nach gcloiseann sé sibh.

3. Óir tá bhur lámha truaillithe le fuilagus bhur méara le cionta.Tá an bhréag ar bhur mbeolaagus monabhar an éigirt ar bhur dteanga.

4. Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt,ná ní théitear chun dlí go hionraic.Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga;gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh.

5. Ar gor ar uibheacha nathrach atá siad,agus ag fíodóireacht líonta damhán alla;an té a itheann a n‑uibheacha, faigheann sé bás,agus má bhristear ceann acu, nathair nimhe a thagann amach.

6. Maidir lena líonta, ní dhéanfaidh siad gnó éadaigh,ná ní dhéanfar clúdach dóibh as saothar a láimhe.A saothar siúd, is é saothar an donais éagus is réidh chucu an gníomh garbh.

7. Ritheann a gcosa chun an oilc,agus deifir orthu fuil neamhurchóideach a dhoirteadh.Bearta coiriúla is ea a mbearta,níl ach scrios agus slad ina ndiaidh aniar.

8. Bealach na síochána ní eol dóibh,ná níl ionracas ar bith i rian a n‑imeachta.Cosáin chama atá réitithe amach acu;an té a shiúlann iad, níl síocháin i ndán dó.

9. Dá thairbhe sin is fada an ceart uainnagus ní thagann an fhíréantacht suas linn.Bímid ag dréim leis an solas, agus seo dorchadas,le gealán gréine, agus tá muid ag siúl faoi ghruaim.

10. Tá muid ag gliúmáil romhainn inár ndaill cois balla;mar a dhéanfadh daoine gan súile atá ár ngliúmáil.Tá muid ag tuisliú um nóin mar bheadh sa chlapsholas,tá cónaí orainn sa dorchadas ar nós na marbh.

11. Tá muid uile ag gnúsacht mar bheadh béir ionainn,ag ochlán agus ag éagaoin ar nós colúr.Tá ár súil leis an gceart - ach ní ann dó,le fuascailt, ach is fada uainn í.

12. Óir is líonmhar ár bpeacaí i do láthair,agus tá ár gcionta ag tabhairt fianaise inár n‑aghaidh.Mar is feasach sinn ar bpeacaí,agus is eol dúinn go maith ár gcoireanna:

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 59