Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 54:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Gáir le háthas, a bhean aimrid nár shaolaigh clann;bris amach i ngártha áthais agus lúcháire, tusa nach raibh i bpriacal riamh!Óir is líonmhaire clann na mná tréigthená clann na mná céile, a deir an Tiarna.

2. Cuir méid le hurlár do phubaill,sín amach bratacha d'áit chónaithe,scaoil amach iad; cuir fad le do chordaí agus téagar i do sháiteáin!

3. Óir réabfaidh tú amach as do chríocha ar dheis agus ar chlé.Cuirfidh do shliocht na ciníocha as a seilbh,agus déanfaidh áitreabh dóibh féin as cathracha tréigthe.

4. Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire;ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó.Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óigeagus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.

5. Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit,agus Tiarna na Slua is ainm dó;Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é,ar a dtugtar Dia an domhain uile.

6. Sea! i do bhean tréigthe mar atá tú agus an t‑anam cráite ionat,tá Dia ag glaoch ar ais ort.Cé a shéanfadh an bhean atá mar chéile aige óna hóige?a deir do Dhia.

7. Seal faiteadh súl a thréig mé thú,ach le barr dáimhe agus dúchais baileoidh mé chugam thú.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 54