Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 52:12-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Óir ní rachaidh sibh amach faoi dheifir,ní imeoidh sibh mar bheadh teifigh ionaibh.Ar cheann bhur slua beidh an Tiarna ag máirseáil,agus ag déanamh sciath thar lorg oraibh beidh Dia Iosrael.”

13. Is amhlaidh a bheidh rath ar mo Ghiolla,gheobhaidh sé gradam agus céimíocht agus oirearcas thar cuimse.

14. Mar a bhí scéin trath ar na sluaite ar a fheiceáil,(bhí sé chomh loite sin ina chuma- ní raibh cruth duine dhaonna air níos mó)

15. is amhlaidh fós a bheidh alltacht ar an iomad ciníocha;fágfar ríthe ina mbalbháin os a chomhair.Óir feicfidh siad rud nach raibh insint scéil airagus breathnóidh siad rud nár chualathas a leithéid riamh:

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 52