Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 52:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúisigh, dúisigh suas!Cuir umat do neart, a Shíón!Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach,a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe.Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos móduine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.

2. Craith díot an dusta sin! Bí i do shuí,a Iarúsailéim, a bhraighdeanaigh!Scaoil do mhuineál as a gheimhleacha,a iníon Shíón, a bhraighdeanaigh!

3. Sea, seo mar a deir an Tiarna: Díoladh saor in aisce sibh agus ceannófar ar ais sibh gan airgead.

4. Sea, seo mar a deir an Tiarna: Chuaigh mo mhuintir síos chun na hÉigipte anallód agus d'fhan ansin; ina dhiaidh sin d'imir an Asaír ansmacht agus foréigean orthu.

5. Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m'ainm á mhaslú.

6. Sin é an fáth a gcuirfidh mo mhuintir aithne ar m'ainm; tuigfidh siad, an lá sin, gur mise a deir: “Seo anseo mé!”

7. Nach álainn ar na sléibhtecosa an té a bhfuil dea-scéala leis,síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige,fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón:“Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 52