Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 49:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Mar bhí Síón á rá: “Tá mé tréigthe ag an Tiarna,tá mé ligthe i ndearmad ag mo Dhia.”

15. An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche,an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne?Agus dearmad dá ndéanfadh féin,ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!

16. Féach, tá tú greanta ar bhosa mo lámh agam,is gnách do bhallaí os comhair mo shúl.

17. Tá lucht d'atógála chugat faoi dheifir,agus lucht do scriosta agus do chreachta ag imeacht asat amach.

18. Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall uait:tá siad siúd go léir ag cruinniú agus ag déanamh ort.Ar mo bheo - is é an Tiarna atá á mhionnú -seoda is ea iad le tú féin a mhaisiú,le cur ort ar nós feisteas brídeoige!

19. Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat,agus do dhúiche shladta go léir -róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe,agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin.

20. Beidh siad á rá arís i d'éisteacht,an chlann mhac sin a shíl tú a bheith caillte:“Tá an áit seo róchúng dom,déan slí dhom go socraí mé isteach!”

21. Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh:“Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom?Bhí mé gan chlann agus mé aimrid,ach iad seo, cé a thóg suas iad?”Bhí mé fágtha liom féin,an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 49