Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 49:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A insí na farraige, éistigí liomsa;tugaigí aire, a chiníocha i gcéin!Ghairm an Tiarna mé sa bhroinn dom,agus mé i gcoim mo mháthar luaigh sé m'ainm.

2. Rinne sé claíomh faobhrach de mo bhéal,chuir sé i bhfolach mé faoi scáth a láimhe.Saighead líofa a rinne sé díom,agus leag sé thart mé ina bholgán saighead.

3. Dúirt sé liom: “Is tú mo ghiolla Iosraeltrína saothróidh mé glóir dom féin.”

4. Agus bhí mise á rá liom féin: “Tá mo shaothar in aisce agam,tá mo neart caite agam gan éifeacht.”Ach bhí mo cheart le fáil agam i bhfochair mo Thiarna,agus mo chúiteamh i bhfochair mo Dhé.

5. Bhí maise orm i súile an Tiarna,ba é mo Dhia mo neart.Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt,an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó,le go mbailínn Iacób ar ais chuige,le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó:

6. “Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agamchun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin,chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais.Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha,chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 49