Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 47:9-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Tiocfaidh an dá rud seo díreach sa mhullach ortd'aon iarraidh agus in aon lá amháin.Caill do chlainne agus baintreachas,tiocfaidh siad ort go tobann,d'ainneoin do chuid asarlaíochta go léiragus ilchumas do dhraíochta.

10. Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá:“Ní fheiceann aon duine mé.”Do chríonnacht agus d'eolas,is iad a mhearaigh thú.Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh:“Mise, mé féin amháin!”

11. Ach tiocfaidh tubaiste ortnach mbeidh dul agat [a chur faoi chónaí];titfidh matalang ortnach mbeidh tú in ann a chur díot;bainfidh míchríoch díotnach bhfuil coinne agat léi.

12. Fan i mbun d'asarlaíochta mar sinagus d'ildraíochta,ar chaith tú do dhua leo ó d'óige i leith.B'fhéidir go mbainfidh tú tairbhe astu!B'fhéidir go spreagfaidh tú scéin fós!

13. Ach tá tú tuirseach d'iomad do lucht comhairle.Seasadh siad amach anois le tú a shábháil,lucht chomhaireamh na spéartha,lucht scrúdaithe na réaltaí,an dream a fhoilsíonn in aghaidh na míosacad tá le titim amach.

14. Beidh siad ar nós na gcoinlínía dhónn an tine.Ní shábhálfaidh siad a mbeoar ghreim na lasrach.Ná ní aon ghríosach í seo chun do ghoradh a dhéanamh,ní aon teallach é le suí os a chomhair.

15. Sin agat anois do lucht draíochta,lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith!Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe,gan de chumas iontu tú a shábháil.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 47