6. Bhí colg orm chuig mo mhuintir,agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht.Lig mé isteach i do lámhasa iad,ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh.Ar an seanduine bhuail tú anuasdo chuing go róthrom.
7. Bhí sé ina dheilín agat: “Choíche is go bráchbeidh mise i mo mháistreás.”Níor mhachnaigh tú ar na rudaí seo i do chroí,ná níor chuimhnigh ar an deireadh a bheadh orthu.
8. Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais,atá i do shuí go teá rá leat féin i do chroí:“Mise, mé féin amháin!Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche,ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.”