Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 47:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Síos leat! Buail fút sa láib,a mhaighdean, a iníon na Bablóine!Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh,a iníon na gCaildéach!Óir ní thabharfar ort níos mómaoth ná muirneach.

2. Chuig na clocha brón leat agus meil an mhin!Scaoil díot do chaille;tóg suas do sciortaí, taispeáin do chosa,siúl tríd na haibhneacha.

3. Taispeáin tú féin tarnochtgo bhfeice daoine do náire!Tá mé ar son díoltaisagus ní chuirfear isteach orm.

4. Deir ár slánaitheoir, arb é Tiarna na Slua is ainm dóNeach Naofa Iosrael:

5. Suigh fút, bí i do thost, agus isteach sa dorchadas leat, -a iníon na gCaildéach.Óir ní thabharfar ort níos mó choíchemáistreás na ríochtaí.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 47