Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 45:6-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. ionas go mbeidh a fhios ó éirí go luí na gréinegur neamhní an uile rud ach mise amháin.”Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann;

7. cumaim an solas agus cruthaím an dorchadas.Tugaim an sonas ann agus spreagaim an donas,is mise an Tiarna a dhéanann é ar fad.

8. A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann,ligeadh na néalta anuas í ina báisteach!Osclaíodh an talamh lena gabháilagus tagadh an slánú aníos ina gheamhar!Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailtatá mise, an Tiarna, lena chruthú!

9. An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire,nó an próca le fear a dhealfa sa chré?An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?”An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?

10. Is mairg a deir lena athair: “Cad é seo a ghin tú?”nó lena mháthair: “Cad é a thug tú ar an saol?”

11. Is amhlaidh seo a deir an Tiarna,an Neach Naofa, an té a mhúnlaíonn Iosrael:“An daoibhse is dleacht mé a cheistiú i dtaobh mo chlainne,nó orduithe a thabhairt dom faoi shaothar mo lámh?

12. Is mise a rinne an talamh,is mé a chruthaigh an duine atá ina chónaí air.Mise le mo lámha féin a spréigh amach na spéarthaagus tá ceannas agam ar a slua go léir.

13. An duine seo, is mé a ghríosaigh chun bua é,tá an bealach réitithe agam roimhe.Déanfaidh sé mo chathair a atógáilagus mo dheoraithe a scaoileadh saor abhailegan éiric gan airgead fuascailte,”a deir Tiarna na Slua.

14. Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna:[Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis,muintir Shaba na bhfear mór ard,tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat;siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu.Sléachtfaidh siad i do láthair,agus guífidh siad thú, á rá:“Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann;níl dia eile ann ach é.”

15. Go deimhin, is faratsa atá Dia i bhfolach,Dia Iosrael, an slánaitheoir.

16. An dream a thug do dhúshlán, beidh mearbhall agus ceann faoi orthu;imeoidh siad leo faoi náire, lucht déanta na n‑íol.

17. Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna,tá sibh slánaithe aige go deo.Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhsear feadh saol na saol go brách.

18. Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna,Cruthaitheoir na spéartha,arb é Dia é,arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é,a chuir bun faoiagus nár chruthaigh in anord éach a rinne áit chónaithe de:“Is mise an Tiarna, níl m'athrach ann.

19. Níor labhair mé i modh rúinná áit éigin i gcríoch dhorcha.Níor dhúirt mé le sliocht Iacóib:Cuardaígí mé san éagruth.Mise, an Tiarna, labhraím ceartagus cuirim mé féin in iúl le cruinneas focal.

20. Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile,sibhse a mhair de na ciníocha!Níl eolas ar bith acu siúda bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu,ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhianach bhfuil an slánú ar a chumas.

21. Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair,gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin:Cé a d'fhógair an méid sin roimh ré,nó cé a d'fhoilsigh é ag an am?An ea nach mise, an Tiarna, a rinne?Níl aon dia eile ann ach mé féin,Dia cóir agus Fuascailteoir;níl dada eile ann ach mise amháin.

22. Iompaigí chugamsa agus tá sibh slánaithe,a chríocha na talún uile,óir is mise Dia, agus níl m'athrach ann!

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 45