2. “Siúlfaidh mise romhat mé féinchun na cnapáin a dhéanamh cothrom.Déanfaidh mé smionagar de na comhlaí práis,gearrfaidh mé na barraí iarainn ó chéile.
3. Tabharfaidh mé ar láimh duit taiscí faoi choimatá cnuasta i gcillíní rúin,chun go dtuige tú gur mise an Tiarna,Dia Iosrael atá ag glaoch ort i d'ainm.
4. Is ar mhaithe le mo ghiolla Iacóbagus le hIosrael, mo rogha,a ghlaoigh mé i d'ainm ort,ag tabhairt gradaim duit agus gan aithne agat orm.
5. Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann;ach mise amháin, níl aon dia ann.Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agam
6. ionas go mbeidh a fhios ó éirí go luí na gréinegur neamhní an uile rud ach mise amháin.”Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann;
7. cumaim an solas agus cruthaím an dorchadas.Tugaim an sonas ann agus spreagaim an donas,is mise an Tiarna a dhéanann é ar fad.