Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 45:17-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna,tá sibh slánaithe aige go deo.Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhsear feadh saol na saol go brách.

18. Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna,Cruthaitheoir na spéartha,arb é Dia é,arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é,a chuir bun faoiagus nár chruthaigh in anord éach a rinne áit chónaithe de:“Is mise an Tiarna, níl m'athrach ann.

19. Níor labhair mé i modh rúinná áit éigin i gcríoch dhorcha.Níor dhúirt mé le sliocht Iacóib:Cuardaígí mé san éagruth.Mise, an Tiarna, labhraím ceartagus cuirim mé féin in iúl le cruinneas focal.

20. Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile,sibhse a mhair de na ciníocha!Níl eolas ar bith acu siúda bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu,ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhianach bhfuil an slánú ar a chumas.

21. Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair,gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin:Cé a d'fhógair an méid sin roimh ré,nó cé a d'fhoilsigh é ag an am?An ea nach mise, an Tiarna, a rinne?Níl aon dia eile ann ach mé féin,Dia cóir agus Fuascailteoir;níl dada eile ann ach mise amháin.

22. Iompaigí chugamsa agus tá sibh slánaithe,a chríocha na talún uile,óir is mise Dia, agus níl m'athrach ann!

23. Mionnaim dar mé féin;is í an fhírinne a thagann as mo bhéal,geallúint nach bhfuil dul siar uirthi:‘Os mo chomhairse cromfar gach glúin,dar mise is ea a thabharfaidh gach teanga a mionn.’

24. Tríd an Tiarna amháin, a déarfaidh daoine,a thagann bua agus neart!Chuigesean a thiocfaidh siad agus náire orthu,iad siúd uile a thug a dhúshlán.

25. Tríd an Tiarna is ea a bheidh bua agus glóirag sliocht Iosrael go léir!”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 45