Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 45:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras,an té ar rug sé ar láimh dheis airchun na ciníocha a leagan ina fhianaiseagus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile;chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteachionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.

2. “Siúlfaidh mise romhat mé féinchun na cnapáin a dhéanamh cothrom.Déanfaidh mé smionagar de na comhlaí práis,gearrfaidh mé na barraí iarainn ó chéile.

3. Tabharfaidh mé ar láimh duit taiscí faoi choimatá cnuasta i gcillíní rúin,chun go dtuige tú gur mise an Tiarna,Dia Iosrael atá ag glaoch ort i d'ainm.

4. Is ar mhaithe le mo ghiolla Iacóbagus le hIosrael, mo rogha,a ghlaoigh mé i d'ainm ort,ag tabhairt gradaim duit agus gan aithne agat orm.

5. Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann;ach mise amháin, níl aon dia ann.Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agam

6. ionas go mbeidh a fhios ó éirí go luí na gréinegur neamhní an uile rud ach mise amháin.”Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann;

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 45