Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 43:4-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Mar is luachmhar thú i mo shúile,is mór liom thú agus is mór é mo chion ort.Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d'ionad,agus ciníocha in éiric d'anama.

5. Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat.As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliochtagus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar.

6. Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: ‘Tabhair ar ais iad!’agus leis an Deisceart: ‘Ná coinnigh seilbh orthu!’Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéinagus m'iníonacha ó chríocha na talún,

7. cách a nglaoitear dó m'ainmse,óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad,is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.”

8. Chun tosaigh leis an bpobal seo atá dall cé go bhfuil súile iontu,an dream bodhar a bhfuil cluasa acu.

9. Bailíodh na náisiúin go léir le chéileagus cruinníodh na ciníocha.Cé ina measc a d'fhoilsigh sinnó a d'fhógair é anallód?Tugadh siad a bhfinnéithe i láthair le go dtugtar ceart dóibh,cloistear iad chun gur féidir á rá: “Tá sin fíor!”

10. Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna -agus mo ghiollaí atá tofa agam,ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh méagus go dtuigfidh sibh gur mise é.Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia,ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.

11. Mise, is mise an Tiarna,agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.

12. Is mise a rinne foilsiú agus slánú agus fógairt.Ní bheidh dia eachtrannach ar bith in bhur measc!Is sibhse mo chuid finnéithe - briathar an Tiarna -agus is mise Dia;

13. ó gheal an lá is mise é.Agus níl aon duine ann a bhogfaidh mo ghreim;déanaimse beart, agus cé chuirfeadh bac orm?

14. Is mar seo a deir an Tiarna,bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael:“Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin;leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadhagus déanfar olagón dá ngártha caithréime.

15. Is mise an Tiarna, bhur Neach Naofa,bhur gCruthaitheoir, a Iosrael, agus bhur Rí.”

16. Is mar seo a deir an Tiarna,a rinne bealach mór tríd an bhfarraige,cosán thar an mbóchna thréamanta;

17. a sheol carbaid agus capaill chun cathaagus slua ollmhór lena gcois;luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh,múchadh iad mar bheadh barrach dóite:

18. “Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla,ná cuimhnigí ar an tseanaimsir.

19. Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam,tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásachagus cosáin san uaigneas.

20. Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom,na mic tíre agus na hulchabháin,óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach,aibhneacha sa dúiche fhiáin,chun tart mo phobail thofa a chosc.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 43