Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 43:22-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. A Iacóib, ní tusa a ghlaoigh ormsa,ná [níor chuir tú aon stró ort féin] ar mo shonsa, a Iosrael!

23. Níor thug tú tabhartas loiscthe chugam as do thréada,níor thug tú onóir dom le híobairtí.Níor leag mise ofrálacha ina ndaorsmacht ort,níor thuirsigh mé thú ag éileamh túise ort.

24. Níor cheannaigh tú giolcach chumhra dom ar luach airgid,níor líon tú mé le saill do chuid íobairtí.Ach leag tú daoirse do chuid peacaí orm,thuirsigh tú mé le do choireanna.

25. Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar cealagus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.

26. Cuimhnigh siar agus tugaimis breith ar an scéal le chéile,déan do chuntas tú féin le go saortar thú ó chion.

27. Rinne do chéad sinsear peaca,agus do theangacha labhartha, d'éirigh siad amach i mo choinne.

28. Thruailligh do phrionsaí mo shanctóir.Dá bharr sin lig mé Iacób uaim faoi chrann smolaagus Iosrael faoi ainíde agus faoi achasán.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 43