Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 43:19-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam,tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásachagus cosáin san uaigneas.

20. Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom,na mic tíre agus na hulchabháin,óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach,aibhneacha sa dúiche fhiáin,chun tart mo phobail thofa a chosc.

21. An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin,déanfaidh siad mo mholadh a aithris!

22. A Iacóib, ní tusa a ghlaoigh ormsa,ná [níor chuir tú aon stró ort féin] ar mo shonsa, a Iosrael!

23. Níor thug tú tabhartas loiscthe chugam as do thréada,níor thug tú onóir dom le híobairtí.Níor leag mise ofrálacha ina ndaorsmacht ort,níor thuirsigh mé thú ag éileamh túise ort.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 43