Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 43:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Anois, seo mar a deir an Tiarna,do Chruthaitheoirse, a Iacóib,agus fear do dhealfa, a Iosrael:“Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam;ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú.

2. Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat;má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú.Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin,ná ní loiscfidh an lasair thú.

3. Óir is mise an Tiarna, do Dhia,Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir.Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte,Cúis agus Saba mar éiric ionat.

4. Mar is luachmhar thú i mo shúile,is mór liom thú agus is mór é mo chion ort.Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d'ionad,agus ciníocha in éiric d'anama.

5. Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat.As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliochtagus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar.

6. Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: ‘Tabhair ar ais iad!’agus leis an Deisceart: ‘Ná coinnigh seilbh orthu!’Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéinagus m'iníonacha ó chríocha na talún,

7. cách a nglaoitear dó m'ainmse,óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad,is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 43