Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 37:24-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Trí do ghiollaí thug tú masla don Tiarna.Dúirt tú: Le hiomad mo charbadchuaigh mé suas ar mhullach na sléibhte,ar bheanna iargúlta na Liobáine.Ghearr mé anuas an chuid is airde dá céadrais,an chuid is áille dá cufróga.Bhain mé amach an ascaill is uaigní annagus na cluainte i lár a cuid caschoille.

25. Thochail mé toibreacha agus d'ól mé uiscí na coigríche;thriomaigh mé le bonn mo choisesrutháin na hÉigipte go léir.

26. An ea nár chuala tú? Fadó riamha bhí sin leagtha amach agam;sna laethe anallód a bheartaigh mé é,anois tá sé á chur i gcrích agam.Ba é ba chinniúint duitsedúnbhailte a réabadh ina mollta conamair.

27. Bhí a lucht cónaithe gan lúth na lámh,lán uafáis agus scéine,ar nós lusra na mbánta agus na scratha glasa,féar bharr na dtithe agus na ngortá sheargadh ag an gaoth anoir.

28. Is eol dom nuair a éiríonn tú agus nuair a shuíonn tú,nuair a ghabhann tú amach agus isteach.

29. Ó tharla gur thug tú aghaidh do chraois ormagus gur tháinig do shotal fad le mo chluasa,cuirfidh mé fáinne i do shrónagus mo bhéalbhach le do bheola,agus déanfaidh mé thú a chinnireacht ar ais,siar an bealach a tháinig tú!

30. Beidh sé seo ina chomhartha agat:Íosfar i mbliana grán a d'fhás ar bhranaragus an bhliain seo chugainn a bhfásann as sin arís,ach an tríú bliain, cuirigí síol agus bainigí fómhar,cuirigí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.

31. An fuílleach a bheidh fágtha de theaghlach Iúdá,cuirfidh sé amach fréamhacha úra thíos agus toradh ar barr.

32. Óir as Iarúsailéim rachaidh fuíoll áir amachagus iarmhar ó shliabh Shíón.Dúthracht Thiarna na Slua a chuirfidh an méid sin i gcrích.

33. Mar sin, seo é briathar an Tiarna i dtaobh rí na hAsaíre:Ní thiocfaidh sé sa chathair seo isteach,saighead ní scaoilfidh sé inti,sciath ní ardóidh sé ina coinne,Ní thógfaidh sé múr léigir ina haghaidh.

34. An bealach a tháinig sé, fillfidh sé ar ais;ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo - briathar an Tiarna.

35. Déanfaidh mé an chathair a chaomhnú agus a shábháilar mo shon féin agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 37