Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 37:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar a chlos sin dó, stróic an rí Hiziciá a chuid éadaigh, chuir éadach róin air féin agus chuaigh isteach i dTeampall an Tiarna.

2. Chuir sé reachtaire an pháláis Eiliácaím, Seabná rúnaí agus seanóirí na sagart, iad go léir gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.

3. Dúirt siad leis: “Seo teachtaireacht ó Hiziciá: Lá anbhuaine is ea é seo, lá aithise agus náire. Tá na leanaí i mbéal a mbreithe agus níl an neart ann lena saolú.

4. Éisteadh an Tiarna do Dhia le focail an Ardoifigigh a chuir rí na hAsaíre uaidh chun an Dia beo a mhaslú, agus baineadh sé éiric amach sna focail a chuala sé! Cuir suas paidir ar son an fhuíll atá fágtha.”

5. Nuair a bhí airí an rí Hiziciá tagtha i láthair Íseáia,

6. dúirt seisean leo: “Déarfaidh sibh le bhur máistir: Seo é briathar an Tiarna: Ná bíodh eagla ort tar éis a bhfuil cloiste agat nuair a bhí giollaí rí na hAsaíre ag caitheamh masla liom.

7. Tá mé chun spiorad a chur ann agus cloisfidh sé scéala a thabharfaidh ar ais chuig a thír féin é; cuirfidh mé faoi deara go dtitfidh sé leis an gclaíomh ansin.

8. D'imigh an tArdoifigeach leis ar ais agus fuair sé rí na hAsaíre ag déanamh ionsaí ar Libneá, mar bhí cloiste aige go raibh sé tar éis Láicis a fhagáil.

9. Ach nuair a fuair Sanaichéiríb scéala go raibh Tiorhácá, rí Chúis, ar a bhealach chun cath a chur air, chuir sé teachtairí ionsar Hiziciá an dara huair lena rá leis:

10. “Seo mar a labhróidh sibh le Hiziciá, rí Iúdá: An Dia seo agat a bhfuil do mhuinín ann, ná cuireadh sé amú thú lena gheallúint nach dtabharfar Iarúsailéim isteach i lámha rí na hAsaíre.

11. Chuala tú cinnte a bhfuil déanta ag ríthe na hAsaíre ar na tíortha go léir, á dtabhairt suas don léirscrios, agus an dóigh leat go dtiocfaidh tusa slán?

12. Ar fhéad a gcuid déithe na náisiúin a chreach mo shinsir a tharrtháil - Gózán, Hárán, Reizif, agus muintir Éidin a bhí i dTeil [Básár]?

13. Cá bhfuil siad, na ríthe a bhí ar Hamát, Arpád, Safarvaím, agus ar Haena agus Íveá?”

14. Thóg Hiziciá an litir ó lámha na dteachtairí agus léigh í. Ansin chuaigh sé suas go Teampall an Tiarna agus spréigh sé amach os comhair an Tiarna í.

15. Agus chuir Hiziciá suas an phaidir seo i láthair an Tiarna:

16. “A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá anseo i do shuí ríoga ar na ceiribíní, is tusa aon Dia ríochtaí an domhain ar fad, is tusa a rinne neamh agus talamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 37